Óró, 'sheanduine, 'sheanduine dóite
Luigh ar do leaba is codail do dhóthain
Óró, 'sheanduine, 'sheanduine dóite
Is óró, 'sheanduine is mairg a phós thú

Chuir mé mo sheanduine
Isteach ins an choirnéal
A dhíol bhainne ramhair
Is a dh'ithe aráin eornan
Dá gcuirfeadh sé a cheann amach
Bhainfinn an tsrón de
Agus d'fhuígfinn an chuid eile
Ag na cailíní óga

Dá bhfaigheadh mo sheanduine
Gach ní mar ba chóir dó
Greamanna ime
Agus greamanna feola
Íochtar na cuinneoige
Is prátaí rósta
Bhainfeadh sí gliogar
As cailíní óga

Chuir mé mo sheanduine
Go Sráidbhaile an Róba
Cleite ina hata
Agus búclaí ar a bhróga
Bhí triúir á mhealladh
Is ceathrar á phógadh
Chuala mé i nGaillimh
Gur imigh sé leotha

Dá bhfaighinnse mo 'sheanduine
Báite i bpoll móna
A chosa bheith briste
Is a chnámha a bheith leonta
Do thabharfainn abhaile é
Is do dhéanfainn é a thórramh