Órú ‘Mháire bhruinneall, ‘bhláth na Finne I ndiaidh mé do leanúint aniar anall, Ó, ba bhinne liom do bhéal ná na cuacha a’ seinm Is tú ‘d’fhág mise i ndealraidh ‘n bháis ‘Á mhéad é mo thuirse ní léir domh an choinneal ‘S deir siad gur mise a mheallas na mná Mharaigh tú go deo mé, lagaigh tú go mór mé Is gach a bhfuil beo domh, bhris tú mo chroí Tá a trí phointe óir léi síos go troigh ‘Gus iad á gcarnadh ar gach taobh Mharaigh tú go deo mé, lagaigh tú go mór mé Is gach a bhfuil beo domh, bhris tú mo chroí Bhí mé lá go ceolmhar ins an ród Tharla domhsa an óigbhean chiúin Mharaigh tú go deo mé, lagaigh tú go mór mé Is gach a bhfuil beo domh, bhris tú mo chroí Órú ‘Mháire bhruinneall, ‘bhláth na Finne I ndiaidh mé do leanúint aniar anall, Ó, ba bhinne liom do bhéal ná na cuacha a’ seinm Is tú ‘d’fhág mise i ndealraidh ‘n bháis