Tá scéilín na 'gam le h-insint dóibhse Cúrsaí spóirt agus comhrá dí Úll breá gleoite do chuireas I mo phóca 'S ni bhfuaras romham ach prátín síl Ó mo thuirse mar shileann mo shúile Indiadh an úll ud a bhí bréa buí An óig-bhean uasal bhí t'reis é thabhairt domh 'S do thabhairfinn púnt ar é bhlaiseadh arís Do shiúlais Cléire agus Carraig Aonair Cuanta Béara bhi romham sa tslí Puinte na nGréige 'gus na nDorsaí Maola An fhiach 's an lao taobh amuigh de Bhaoi Do shiúlais Cualach mar a bhíos buartha An pharoiste thuaidh a 's na hAdhraí San oileán Muarseadh d'inis dom buachaill Nach bhfáilghinn a thuairisc go dtéinn thar snaidhm Do shiúilíos Coíbh agus Baile na Móna Cathair Tún Tóime 'gus Inis Seircín Soir ar a chósta sea d'inis domh stróinse Go rabh sé 'na sheo acu ar Sráid Néidin