Mo bheannacht le na buachaillí a d'imigh uainn thar sáile Ach d'fhág siad culaith dheas orm le dhul amach Dé Domhnaigh: Cóta mór go talamh agus bheiste den tsíoda láidir, bríste 'bhí san fhaisean agus bróga den leathar Spainneach 'S oró na buachaillí 's na buachaillí bhí álainn Oró na buachaillí 's na buachaillí bhí álainn Nuair a tchímsa an fharraige gharbh Ó 'sé mo chroí 'bhíos cráite ag smaointeadh ar na buachaillí mar bhíonn siad ins na bádaí Ach guímsa Rí na nAingeal, 'Sé 'shocróchas na pláinéid, go dtuga sé slán na buachaillí ar chontúirt a bheith báite 'S oró na buachaillí 's na buachaillí bhí álainn Oró na buachaillí 's na buachaillí bhí álainn Fuair mé litir as Albain 's ní raibh sí in mo shásamh gur pósadh na buachaillí ar chailíní na háite Ach ní nár mhaith linn acu iad dá mbeadh siad inár sásamh, ach cailíní na n-oiléan sin iad an dream ab fhearr linn 'S oró na buachaillí 's na buachaillí bhí álainn Oró na buachaillí 's na buachaillí bhí álainn 'S oró na buachaillí 's na buachaillí bhí álainn Oró na buachaillí 's na buachaillí bhí álainn Oró na buachaillí 's na buachaillí bhí álainn Oró na buachaillí 's na buachaillí bhí álainn Oró na buachaillí 's na buachaillí bhí álainn Oró na buachaillí 's na buachaillí bhí álainn